Illustration Bord Chúnant na Méaraí

Cuireadh tús le céim nua i stair Chúnant na Méaraí don Aeráid agus d’Fhuinneamh le seoladh Bhord Eorpach Chúnant na Méaraí, ag léiriú arís gur gluaiseacht pholaitiúil ar leith an tionscnamh sin faoi stiúradh na Méaraí.

Bunaíodh an Bord an 10 Feabhra 2017, agus é comhdhéanta de 7 méaraí agus ionadaithe áitiúla tofa:


- Anne Hidalgo, Méara Pháras, (an Fhrainc), ball de Bhord Polaitiúil an Chúnaint Dhomhanda
- Daniel Termont, Méara Gent, (an Bheilg), Uachtarán EUROCITIES
- Eckart Würzner, Méara Heidelberg, (an Ghearmáin), Uachtarán Energy Cities
- Mercè Conesa i Pagès, Uachtarán Phroibhinse Barcelona, Méara Sant Cugat del Vallés (an Spáinn), ball de Bhord Feidhmiúcháin an Chomhaontais Dhomhanda
- Julije Domac, Stiúrthóir REGEA, Gníomhaireacht Fuinnimh na Cróite Thiar Thuaidh, Uachtarán FEDARENE
- Asa Karlsson Björkmarker, Leas-Mhéara Växjö (an tSualainn), Ball de Bhord ICLEI Europe
- Furio Honsell, Méara Udine (an Iodáil), Urlabhraí an Athraithe Aeráide agus Fuinnimh le haghaidh Comhairle Bhardais agus Réigiúin na hEorpa

Trí Bhord Chúnant na Méaraí, beidh deis ag ceannairí áitiúla agus réigiúnacha níos mó a dhéanamh chun an Cúnant a mhúnlú agus a stiúradh. Rachaidh baill an Bhoird i mbun feachtais ar leibhéal náisiúnta agus Eorpach freisin chun go nglacfar creataí le haghaidh gníomhaíochtaí áitiúla ar son na haeráide agus fuinnimh feasacht a mhúscailt maidir le riachtanais áitiúla i measc cinnteoirí náisiúnta agus Eorpacha.

Tá sé mar aidhm ag an mBord plé a dhéanamh ar an treoir straitéiseach don Chúnant, d’fhonn a chinntiú go bhfuil an Cúnant ag freastal ar riachtanais agus mianta na cathrach agus chun plé a spreagadh idir pobal an Chúnaint ar fud na hEorpa agus institiúidí an AE.

Seoladh Bord Eorpach Chúnant na Méaraí, an 10 Feabhra 2017, an Bhruiséil

Twitter
Malairt
trí d'fhónphóca
Facebook
Bí i do lucht
leanúna de leathanach an Chúnaint.
Newsletter
Liostáil don
nuachtlitir mhíosúil
Rss feeds
Nuacht a fháil
i bhfíor-am
Le tacaíocht pholaitiúil ón gCoimisiún Eorpach Le tacaíocht pholaitiúil ón gCoimisiún Eorpach. Suíomh Gréasáin arna chomhordú ag Oifig an Chúnaint.
Nuacht | Clár Oibre | Mapa an láithreáin | Cabhair RSS | Creidiúintí | Dlíthiúil