Covenant of Mayors
  Covenant Newsletter July 2017  
       
 
"Tá an earnáil fuinnimh fíorthábhachtach chun Comhaontú Pháras a chur chun feidhme agus cosaint a thabhairt dár saoránaigh"
Agallamh leis an gCoimisinéir um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Fuinneamh Miguel Arias Cañete
 
   

български (bg) - čeština (cs) - dansk (da) - Deutsch (de) - eesti (et) - ελληνικά (el) - English (en) - español (es) - français (fr) - Gaelic (ga) - hrvatski (hr) - italiano (it) - lietuvių (lt) - latviešu (lv) - magyar (hu) - Malti (mt) - Nederlands (nl) - polski (pl) - português (pt) - română (ro) - slovenčina (sk) - slovenščina (sl) - suomi (fi) - svenska (sv)

Le blianta beaga anuas, tá tionchar domhanda Chúnant na Méaraí ag méadú, agus Oifigí Réigiúnacha á n-oscailt aige ar fud an domhain. Cén cineál spreagtha is féidir le Cúnaint Réigiúnacha a bhaint as an taithí atá faighte leis an gCúnant san AE?

Tá Cúnant na Méaraí, a cruthaíodh in 2008, ar cheann de na dtionscnamh fuinnimh agus aeráide is rathúla dá dtugadh faoi san Eoraip, agus sin a bhuí le tacaíocht ón gCoimisiún, Cúnant na Méaraí a bheith comhdhlúite i mbeartas an AE, agus é a bheith múnlaithe ag cathracha agus do chathracha i bpróiseas ón mbonn aníos. I dteannta a chéile, tá ag éirí go maith le sínitheoirí Chúnant na Méaraí an sprioc maidir le laghdú meánach de 27% ar astaíochtaí CO2 a bhaint amach faoi 2020. Mar a dúirt mé roimhe seo, is é Cúnant na Méaraí an tionscnamh fuinnimh agus aeráide is mó ar domhan a thugann spreagadh d’údaráis áitiúla ar fud na cruinne.

Sa chomhthéacs sin, bunaíodh clár for-rochtana domhanda Chúnant na Méaraí agus cuireadh tús le cur i bhfeidhm an tionscnaimh i dtíortha Comhpháirtíochta an Oirthir [nóta ón eagarthóir: an Bhealarúis, an Úcráin, an Mholdóiv, a tSeoirsia, an Asarbaiseáin]. In 2012, cuireadh Réigiún Deiscirt Comharsanachta na hEorpa isteach faoi Chúnant na Méaraí tríd an tionscadal CES-MED. Tá na hOifigí Réigiúnacha ag feidhmiú anois le lántacaíocht ón gCúnant bunaidh. Tá na hoifigí réigiúnacha bunaithe ar bhealach atá díreach cosúil leis an gCúnant san Eoraip agus tá na cuspóirí agus na luachanna céanna acu: rannpháirtíocht saoránach agus geallsealbhóirí, úinéireacht áitiúil agus cur chuige dírithe ar thorthaí d’fhonn cáiliocht an aeir agus stíleanna maireachtála i gcathracha a fheabhsú. Ag an COP21 in 2015 i bPáras, sheolamar Cúnant na Méaraí don Afraic fho-Shahárach, agus tá na chéad chathracha ag fáil tacaíocht anois chun an bhochtaineacht a laghdú agus rochtain ar fhuinneamh, teacht aniar agus geilleagar ísealcharbóin a chur chun cinn. Is cúis bhróid dúinn é tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh mar sin ar fud an domhain - an bhliain seo caite, seoladh próisis réigiúnacha an Chúnaint i Meiriceá Thuaidh, Meiriceá Laidineach agus sa Charaib, sa tSeapáin, sa Chóiré, san Áise Thoir Theas agus in India. Bainfidh na líonraí sin go léir tairbhe as an taithí fhairsing atá faighte san AE, lena n-áirítear trí phéireáil le cathracha san AE agus sa réigiún. Beidh na Cúnaint neamhspleácha réigiúnacha nó náisiúnta ag feidhmiú faoi choimirce Chúnant Domhanda na Méaraí um an Aeráid & Fuinneamh – agus é ina chomhghuaillíocht is mó de chathracha domhanda atá tiomanta chun an t-athrú aeráide a chomhrac, cuideoidh sé leo tionchar níos mó a bheith acu ar leibhéal idirnáisiúnta, foghlaim óna chéile agus dul chun cinn a dhéanamh le chéile.

Tá ról tábhachtach ag na cathracha na spriocanna atá leagtha síos i gComhaontú Pháras a bhaint amach. Le Cúnant na Méaraí AE, leagtar síos creat maidir le gníomh straitéiseach, fadtéarmach, á cheapadh agus á thacú ag na rannpháirtithe áitiúla. Agus féach na torthaí atá faighte!

As seo amach, tabharfaidh Bord Chúnant na Méaraí, a seoladh an 10 Feabhra sa Bhruiséil, comhairle straitéiseach maidir leis an tionscnamh. Cad ba mhaith leat a rá leis na ceannairí tiomanta sna cathracha?

Ar an gcéad dul síos, is mian liom comhghairdeas a dhéanamh le pobal Chúnant na Méaraí san Eoraip as comhlacht a bhunú a dhéanfaidh ionadaíocht ar a son agus a thabharfaidh spreagadh don tionscnamh. Mar ionadaithe na sínitheoirí, na gcathracha, comhordaitheoirí agus tacadóirí, tugann comhaltaí an bhoird glór agus cainéal chun teagmháil a dhéanamh le gach cineál sínitheora. Is iad na daoine is mó a bhíonn i dteagmháil leis an gCoimisiún ar an taobh amháin – bhuail mé le comhaltaí an Bhoird an 20 Meitheamh sa Bhruiséil [1] – agus leis an bpobal domhanda agus Eorpach ar an taobh eile.

Ba cheart go ngníomhódh Bord Chúnant na Méaraí AE mar phointe teagmhála le Bord Chúnant na Méaraí Domhanda, d’fhonn iarrachtaí a thiomsú agus chun a chinntiú go bhfuil tosaíochtaí polaitiúla na méaraí AE le feiceáil sa ghluaiseacht níos fairsinge. Is ríthábhachtach é dúinn cur le treoir straitéiseach Chúnant na Méaraí, é a oiriúnú i gcónaí agus trí ghníomhú mar ambasadóirí, tugann comhaltaí den Bhord spreagadh d’údaráis áitiúla is sínitheoirí agus d’údaráis áitiúla nach sínitheoirí iad, agus do na húdaráis náisiúnta tacú le gníomhartha áitiúla fuinnimh agus aeráide. Is gníomhaíochtaí praiticiúla iad sin chun an t-aistriú fuinnimh a chur chun feidhme agus fás inbhuanaithe a chothú.

Is féidir le cathracha an Chúnaint a bheith mar réamhtheachtaithe don nuáil, ag gníomhú mar “éiceachórais nuála”, a chruthaítear trí chomhar idir údaráis chathrach, an lucht léinn agus an lucht gnó, ag baint leas as teicneolaíochtaí agus táirgí Eorpacha. Leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh ag tacú le Cúnant na Méaraí agus measaim féin go bhfuil mianach láidir ag an tionscnamh seo, ag féachaint do na gealltanais láidre do 2020 agus 2030 atá tugtha ag na rannpháirtithe.

Is é an chéad gharsprioc eile do Chomhaontú Pháras é an COP24 in 2018, ina ndéanfaidh rialtais náisiúnta measúnú ar an dul chun cinn atá déanta chun Comhaontú Pháras a chur i bhfeidhm. Is léir dúinn ó Chúnant na Méaraí gur minic a bhíonn na cathracha féin níos forásaí ná na rialtais náisiúnta i réimse na haeráide agus an fhuinnimh. Conas is féidir leis na Ballstáit tuilleadh tacaíochta a thabhairt do ghníomhaíochtaí na gcathracha, go háirithe i gcomhthéacs Straitéis an AE um Aontas Fuinnimh?

Bliain thábhachtach a bheidh in 2018 don ghníomhú ar son na haeráide: ag COP24, déanfaimid athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta againn le chéile i dtreo chuspóir fadtéarmach Chomhaontú Pháras. Beidh deiseanna iontacha ann in 2018 do chathracha an Chúnaint na héachtaí atá déanta acu a léiriú.

An bhliain seo caite, bhí torthaí iontacha bainte amach ag cathracha Chúnant na Méaraí , agus laghdú de 23% déanta acu ar astaíochtaí [2]. Ba é an earnáil tógála an earnáil ba mó a chuir leis an laghdú sin. Is bealach éifeachtach iad cóid tógála agus athfheistiú chun tomhaltas agus costais fuinnimh a laghdú agus luachanna réadmhaoine a mhéadú. Mar shampla, i gcathair Hannover (an Ghearmáin), rinneadh laghdú 60% ar thomhaltas fuinnimh trí fhoirgnimh phoiblí agus príobháideacha a athfheistiú, tionscnamh a shábháil 3,600 tonna de CO2 gach bliain. Tá cathracha ag tabhairt ceannaireacht agus dea-shampla i réimsí eile chomh maith, lena n-áirítear fuinneamh in-athnuaite, pobail áitiúla fuinnimh agus réitigh chliste, modhanna iompair atá tíosach ar astaíochtaí agus rochtain áitiúil ar fhuinneamh.

Tá an earnáil fuinnimh fíorthábhachtach chun Comhaontú Pháras a chur chun feidhme agus cosaint a thabhairt dár saoránaigh, go háirithe na saoránaigh is leochailí, trí rochtain ar fhuinneamh glan inacmhainne a chinntiú do chách, agus ag cur le hiomaíochas, fostaíocht agus fás ag an am céanna. Tugann an Coimisiún Eorpach tacaíocht láidir do chathracha ina n-iarrachtaí chun na cuspóirí sin a bhaint amach tríd an gcreat cumasaithe, go háirithe leis an bpacáiste ‘Fuinneamh Glan do Chách san Eoraip’ mar chuid de straitéis don Chreat Aontais Fuinnimh. Leanfaidh siad d’infheistíocht a spreagadh, lena n-áirítear trí Airgeadas Cliste a chur i bhfeidhm don tionscnamh Foirgnimh Chliste agus níos mó úsáid a bhaint as an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS), agus trí infheistíocht phríobháideach in éifeachtúlacht fuinnimh agus oiriúnú don athrú aeráide, leis an BEI, trí ionstraimí airgeadais nuálacha – Maoiniú Príobháideach d’Éifeachtúlacht Fuinnimh (PF4EE) agus an tSaoráid Maoinithe Caipitil Nádúrtha (NCFF). Mar chéad chéim phraiticiúil eile, táimid ag obair ar thionscnamh cleamhnais chun rochtain ar mhaoiniú a éascú. Molaim do chathracha an Chúnaint páirt a ghlacadh ann, ag tosú leis an obair ullmhúcháin.

Chomh maith leis sin, tá tacaíocht de dhíth ó rialtais náisiúnta agus údaráis réigiúnacha chun gníomhaíochtaí a chothú ar leibhéal cathrach, i gcomhréir leis na spriocanna don Aontas Fuinnimh. D’fhéadfadh rialtais náisiúnta caighdeáin íosta a shocrú a thacaíonn le cathracha agus a chuireann maoiniú ar fáil do ghníomhú áitiúil ar son na haeráide, ag tabhairt cúiteamh d’infheistíocht i mbonneagar uirbeach ísealcharbóin, athléimneach. Rachadh sé sin chun sochar na nEorpach go léir. Tá sé tábhachtach go mbeidh cathracha agus tomhaltóirí araon páirteach.

Cad é an ról a bheidh ag cathracha an Chúnaint chun an Straitéis d’Astaíochtaí Ísle ón Iompar?

Más fíor gur foinse mhór fáis iad na cathracha, is foinse mhór truaillithe aeir iad freisin. Tagann an ceathrú cuid d’astaíochtaí gáis cheaptha teasa san Eoraip ó mhodhanna iompar, agus is é an chéad fhoinse truaillithe aeir sna cathracha. San earnáil iompair, is é an t-iompar bóithre an t-astaire is mó go mór fada, le 70% d’astaíochtaí gáis cheaptha teasa in 2014.

Trí straitéis soghluaisteachta an Choimisiúin d’astaíochtaí ísle in Iúil 2016, is é freagra na hEorpa ar an dúshlán maidir le hastaíochtaí a laghdú ná glacadh le modhanna iompair astaíochtaí ísle. Faoi lár na haoise, ba cheart go mbeadh astaíochtaí gáis cheaptha teasa ón iompar 60% níos ísle ná an leibhéal a bhí ann i 1990 agus gur gairid nach mbeadh astaíocht ar bith ann.

Chomh maith leis sin, i gcomhthéacs ina mbeidh aer glan ag éirí gann, beidh ar chathracha fáil réidh leis an truailliú agus ag teacht ar réitigh. Caithfear laghdú mór a dhéanamh gan mhoill ar thruailleáin ón iompar a dhéanann dochar dár sláinte.

Is chun tairbhe na saoránach Eorpach é modhanna iompair lena mbaineann astaíochtaí ísle a bheith ann: cuirfear feabhas ar cháilíocht an aeir, déanfar laghdú ar leibhéil torainn, brú tráchta níos ísle agus sábháilteacht fheabhsaithe agus tacaíocht do phoist, fás, infheistíocht agus nuáil.

Ba cheart do chathracha agus d’údaráis áitiúla an Chúnaint dea-shampla a thabhairt tríd an straitéis seo a bhaint amach trí phleanáil agus gníomhaíocht chomhleanúnach. Tá na cathracha ag éirí as taisteal i bhfeithiclí trí phleanáil uirbeach, dreasachtaí d’fhuinnimh agus feithiclí agus fuinneamh malartach, ag spreagadh soghluaisteacht an duine (rothaíocht agus siúil), iompar poiblí agus scéimeanna rothair agus comhroinnte gluaisteáin chun brú tráchta agus truailliú a laghdú.

Tá sampla dea-chleachtais glactha ag sínitheoir Chúnant na Méaraí AE ó chathair Zagreb, sa Chróit. Chuir an chathair 160 bus nua atá glan agus tíosach ar fhuinneamh in ionad na mbusanna a bhí ann roimhe. Tá feabhas mór tagtha ar chaighdeán an aeir sa chathair dá bharr. In Hasselt, sa Bheilg agus in Tallinn, san Eastóin, glacadh beart ceannródaíoch: cuireadh iompar poiblí ar fáil saor in aisce. In Hasselt, is léir gur tionscnamh inbhuanaithe é agus in Taillinn, tá rath mór air, le laghdú de 15% ar an mbrú tráchta, agus 9,000 cónaitheoirí nua a gclúdaíonn a n-íocaíochtaí cánach costas na dticéad.

Neartaigh an Coimisiún a ghníomhaíocht chun tacú le níos mó modhanna iompair uirbeacha inbhuanaithe, trí thaithí agus dea-chleachtais a roinnt (e.g. tríd an bhFaireachlann Eorpach um Shoghluaisteacht Eltis), taighde agus nuáil (e.g. Horizon 2020 agus tionscnaimh ar nós Civitas 2020, Cathracha Cliste agus Comhpháirtíocht Eorpach don Nuáil, nó an Tionscnamh Eorpach Feithiclí Glasa) agus maoiniú spriocdhírithe do thionscadail iompair uirbigh (e.g. trí chistí struchtúrtha agus infheistíochta AE, an Straitéis Eorpach Infheistíochta agus an clár LIFE).

Is léir go bhfuil ceangal idir aer glan agus an aeráid. Molaim do chathracha an Chúnaint glacadh leis an dúshlán agus ceannaireacht a thabhairt!

[1] Féach an t-alt faoin gcruinniú sa nuachtlitir
[2] Fardail fuinnimh a cuireadh isteach an 4 Samhain 2016. Tuarascáil an JRC ar Chúnant na Méaraí: Éachtaí agus meastacháin ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa, a chuirfear i láthair ag COP22.

 
     
    >> Covenant Monthly Newsletter July 2017 <<
(0 visits )
 
     
Find us on:
Twitter Facebook
Covenant of Mayors
  The sole responsibility for the content of this newsletter lies with the Covenant of Mayors Office. It does not necessary reflect the opinion of the European Union. The European Commission is not responsible for any use that may be made of the information contained therein. The Covenant of Mayors was set up with financial support of the European Commission and consists of five associations of European local authorities: Energy Cities, Climate Alliance, Eurocities, CEMR, Fedarene, and ICLEI Europe.

Subscribe / Unsubscribe to this newsletter.
European Union  
 
Covenant of Mayors