Na sínitheoirí is nuaí
-
16/09/2010
- La Algaba -
26/02/2010
- Brembate di Sopra -
25/02/2010
- La Romana
Tagarmharcanna de Scothchleachtas
Cuireann Cúnant na Méaraí le hinfheictheacht ghníomhartha príomhúla a Shínitheoirí agus a Struchtúr Tacaíochta trí mheán an láithreáin ghréasáin seo. Déantar Tagarmharcanna de Scothchleachtas a mholadh mar shamplaí ábhartha de thionscnaimh áitiúla a chuir Sínitheoirí an Chúnaint agus na Struchtúir Thacaíochta i bhfeidhm ina gcríocha agus a bhfuil bród ar leith orthu astu. Chomh maith leis sin, formhuiníonn siad iad mar ghníomhartha úsáideacha a bhféadfadh údaráis áitiúla eile aithris a dhéanamh orthu. De réir mar a fhorbróidh an Cúnant, meastar go mbainfidh sínitheoirí an Chúnaint tairbhe as líon ard samplaí maithe den sórt sin.
‘Conas a chuirtear Tagarmharc de Scothchleachtas isteach?’
Tugtar cuireadh do Shínitheoirí an Chúnaint agus do Struchtúir Thacaíochta tuairisc ghearr ar a ngníomhartha príomhúla [trí shampla ar a mhéid] sa réimse d’fhuinneamh inbhuanaithe agus de shogluaisteacht a fhoilsiú as Béarla (leis na profaí léite) nó ina dteangacha dúchasacha. Féadtar na samplaí seo a fhoilsiú agus a nuashonrú go rialta trí mheán Cúinne na Sínitheoirí agus na Struchtúr Tacaíochta .
You will find the BoE here.
Séanadh:
‘Is ar na húdair amháin atá an fhreagracht as an inneachar a thaispeántar ar leathanaigh na dTagarmharcanna de Scothchleachtas. Ní léiríonn sé tuairim na gComhphobal Eorpach. Níl an Coimisiún Eorpach freagrach as aon úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an eolas a chuirtear ar fáil ar na leathanaigh sin.’


