Struchtúir Thacaíochta

Tá Cúnant na Méaraí oscailte do chathracha na hEorpa, is cuma beag nó mór iad. Na cathracha agus na bailte siúd nach bhfuil go leor acmhainní acu lena bplean gníomhaíochta féin a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm, ba chóir go dtacaí riaracháin leo a bhfuil an cumas sin acu.

Is ionann Struchtúir Thacaíochta agus na riaracháin phoiblí sin atá in ann treoir straitéiseach, tacaíocht airgeadais agus theicniúil a sholáthar do bhardasachtaí a bhfuil an toil pholaitiúil acu Cúnant na Méaraí a shíniú, ach nach bhfuil na scileanna agus/nó na hacmhainní acu lena choinníollacha a chomhlíonadh, mar atá ullmhú agus cur i bhfeidhm Plean Gníomhaíochta Fuinnimh Inbhuanaithe. D’fhéadfadh na Struchtúir Tacaíochta seo a bheith comhlachtaí poiblí náisiúnta agus réigiúnacha, contaetha, cúigí, ceirtleáin, cathracha is meantóirí, srl.

I measc na gcúraimí tipiciúla tá:

  • Aontachas i gCúnant na Méaraí a chur chun cinn i measc bardasachtaí sa cheantar agus tacaíocht agus comhordú a thabhairt do na bardasachtaí atá á shíniú;
  • Cúnamh teicniúil agus straitéiseach a sholáthar do na bardasachtaí siúd ar mhian leo cloí leis an Chúnant ach a bhfuil easpa acmhainní iontu le plean gníomhaíochta le haghaidh fuinnimh inbhuanaithe a ullmhú.
  • Tacaíocht nó deiseanna airgeadais a sholáthar do na bardasachtaí le haghaidh caiteachais a bhaineann le hullmhú PGFI;
  • Tacú le cur i bhfeidhm PGFIanna agus laethanta fuinnimh áitiúla a eagrú chun feasacht a spreagadh; agus
  • Tuarascáil rialta a chur chuig an Choimisiún ar na torthaí a baineadh amach agus páirt a ghlacadh i gcur i bhfeidhm straitéiseach an Chúnaint.

Cineál eile struchtúr tacaíochta is ea líonraí údarás áitiúil agus réigiúnach a thiomnaíonn tionchar an Chúnaint a fheabhsú tríd an tionscnamh a chur chun cinn, teagmháil lena gcuid ball, malartú taithí a éascú agus comhleas a chosaint sna fóraim oiriúnacha.

Tá ar na Struchtúir Thacaíochta dlúth-theagmháil a choinneáil leis an Choimisiún Eorpach fosta le cinntiú go gcuirtear i bhfeidhm an Cúnant chomh maith agus is féidir. Aithníonn an Coimisiún gur príomh- chomhghuaillithe iad na Struchtúir Thacaíochta i gcur in iúl theachtaireacht an Chúnaint agus i méadú a thionchair.

D’fhéadfadh gníomhaireachtaí fuinnimh áitiúla agus réigiúnacha tacaíocht úsáideach a sholáthar do lucht sínithe an Chúnaint. Le liosta gníomhaireachtaí fuinnimh áitiúla agus réigiúnacha a fháil, breathnaíodh lucht sínithe an Chúnaint suíomh gréasáin ManagEnergy .

Nuashonraithe : 2010-03-08 18:10:27 | Barr